Aistear Anama - Tadhg Ó Caoinleáin - Books - The Onslaught Press - 9780992723835 - June 12, 2014
In case cover and title do not match, the title is correct

Aistear Anama Irish edition

Tadhg Ó Caoinleáin

Price
A$ 31.99

Ordered from remote warehouse

Expected delivery Oct 4 - 18
Add to your iMusic wish list

Aistear Anama Irish edition

Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad. Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde. Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh. Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha ? ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas. Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta.

Media Books     Paperback Book   (Book with soft cover and glued back)
Released June 12, 2014
ISBN13 9780992723835
Publishers The Onslaught Press
Pages 80
Dimensions 140 × 216 × 5 mm   ·   113 g
Language Irish  
Contributor Mathew Staunton